Ceisteanna a chuirtear go minic

Céard atá i gceist leis an tionscadal seo?
Féachfar leis an tionscadal an chuid sin den N13 ó cheann thiar shráidbhaile Cheann an Droichid go dtí an teorainn le Doire a fheabhsú. Meastar an bealach a bheith ar an trasbhealach is tábhachtaí go straitéiseach san Iarthuaisceart lena nasctar Dún na nGall agus Doire, agus tá freisin mar chuid de líonra cuimsitheach TEN-T na hEorpa.

Faoi láthair bíonn breis is 16,700 gluaiseacht feithicle (in aghaidh an lae oibre) tríd an sráidbhaile agus trasna na teorann ag dul sa dá threo. Tá sin os cionn acmhainn an charrbhealaigh aonair reatha agus leis sin tarlaíonn brú tráchta, truailliú agus cruthaítear drochtimpeallacht do choisithe.

Féachfar leis na feabhsúcháin:

  • brú tráchta a mhaolú
  • amanna turais a fheabhsú
  • turais níos sábháilte agus níos iontaofa a chur ar fáil
  • an timpeallacht a fheabhsú d’úsáideoirí leochaileacha, do choisithe agus do rothaithe laistigh de Cheann an Droichid
  • saoráidí níos fearr a sholáthar d’iompar poiblí
Céard iad cuspóirí an tionscadail?
Is iad seo a leanas na Cuspóirí Straitéiseacha arna bhforbairt don tionscadal seo:

  • Sábháilteacht ar an N13 a fheabhsú do na daoine uile a úsáideann an bóthar
  • Tionchair dhiúltacha chomhshaoil a íoslaghdú, chun an sráidbhaile a dhéanamh níos fearr le maireachtáil ann
  • Amanna agus iontaofacht turais a fheabhsú
  • Nascacht leis an gceantar máguaird a fheabhsú
  • Tacú leis an ngeilleagar áitiúil
  • An líonra iompair a fheabhsú, an Líonra TEN-T go háirithe
  • Feabhsúchán a chur ar fáil de réir Beartas Pleanála Náisiúnta, Réigiúnach agus Áitiúil

Tá na cuspóirí sin bunaithe ar 6 ceannteideal ilchritéar atá ag teastáil ó chritéir “Chomhchreat Breithmheasa” na Roinne Iompair: Geilleagar, Sábháilteacht, Inrochtaineacht & Ionchuimsiú Sóisialta, Gníomhaíocht Fhisiciúil, Comhshaol agus Imeascadh.

Cén chaoi a dtabharfar an tionscadal chun cinn?
Le Treoirlínte Bainistithe Tionscadail (TBTanna) Bhonneagar Iompair Éireann déantar eolas don phróiseas deartha. Leagtar amach na céimeanna deartha sa Phlean Oibre atá againn maidir le comhairliúchán tionscadail, féach Táb an Chomhairliúcháin Phoiblí.

Tá an tionscadal seo ag Céim 2 faoi láthair: Roghnú Roghanna, ar próiseas é ina bhfuil 3 céim.

  • Fochéim 1 – Réamh-Mheasúnú Roghanna
  • Fochéim 2 – Maitrís Bhreithmheasa an Tionscadail
  • Fochéim 3 – Rogha na Tosaíochta

Rinneadh na srianta seo arna n-aithint, an t-aiseolas a fuarthas le linn an chéad chomhairliúcháin phoiblí agus na caighdeáin deartha ábhartha a mheas i bhFochéim 1 chun réimse bealaí féideartha laistigh den Limistéar Staidéir a fhorbairt. Rinneadh measúnú ar na bealaí féideartha tosaigh seo faoi na critéir seo a leanas: ‘Innealtóireacht’, ‘Comhshaol’ agus ‘Geilleagar’. Tá na critéir seo curtha ar an ngearrliosta anois chun Roghanna do Chonair Bhealaigh atá le breithniú le linn Fhochéim 2 (Maitrís Bhreithmheasa an Tionscadail) a aithint.

Beidh measúnú mionsonraithe ar na roghanna faoi na critéir seo a leanas i gceist leis an gcéad Chéim eile, Fochéim 2 den Chéim Roghnaithe Rogha: ‘Geilleagar’, ‘Sábháilteacht’, ‘Comhshaol’, ‘Inrochtaineacht agus Ionchuimsiú Sóisialta’, ‘Imeascadh’ agus ‘Gníomhaíocht Fhisiciúil’ d’fhonn an Chonair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar a aithint.

Cuirfear an Bealach is Dealraithí a Roghnófar ar taispeántas mar chuid den tríú tréimhse de chomhairliúchán poiblí ansin agus tabharfar cuireadh don phobal aighneachtaí a dhéanamh nó a gcuid tuairimí a thabhairt i leith an Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar sula ndéanfar cinneadh deiridh ar an Rogha Tosaíochta ag Fochéim 3.

Céard atá ar siúl i láthair na huaire?
Tá foireann an tionscadail, ROD-AECOM, ag tabhairt fhorbairt an tionscadail chun cinn de réir Threoirlínte Bainistithe Tionscadail (TBTanna) Bhonneagar Iompair Éireann agus mar atá leagtha amach inár dtreochlár comhairliúcháin tionscadail, féach Táb an Chomhairliúcháin Phoiblí.

Táimid ag reáchtáil an dara comhairliúchán poiblí neamhreachtúil agus tugaimid cuireadh do chónaitheoirí an cheantair áitiúil, don phobal agus do pháirtithe leasmhara aiseolas a thabhairt ar na roghanna do chonair bhealaigh a bhreithneoidh foireann an tionscadail i gcaitheamh an phróisis Roghnú Rogha. Is mar chonairí 200m ar leithead a thaispeántar na roghanna seo de ghnáth. Ní fíorléargas iad na conairí seo ar leithead iarbhír fhorbairt an bhóthair atá beartaithe ná ar na tailte a bheidh le fáil – ní dhéanann na conairí ach léargas a thabhairt ar na tailte ar a mbeadh sé indéanta ailíniú bóthair a fhorbairt.

Cén chaoi a bhfaighfear talamh? An gcúiteofar mé?
Má tá tailte ag teastáil le haghaidh na bhfeabhsúchán, is dócha go bhfaighfear iad trí Ordú Ceannaigh Éigeantaigh (OCÉ); is féidir é sin a dhéanamh freisin, áfach, trí chomhaontú leis an úinéir talún. Sa chás go n-áireofaí aon chuid de thalamh/ réadmhaoin phríobháideach duine san OCÉ, tá úinéir na talún/na réadmhaoine i dteideal cúitimh. D’fhéadfadh sé gurbh amhlaidh seo i gcás duine a d’fhéadfadh sé go mbeadh spéis acu in aon talamh/réadmhaoin arna (h)aithint san OCÉ. Cuirfear cúiteamh ar fáil i gcomhréir le reachtaíocht OCÉ.
An mbeidh aon scartáil réadmhaoine i gceist leis an tionscadal?
I bhfianaise chineál an réimse staidéir thart ar an gconair, is féidir go n-imreofaí tionchar ar réadmhaoin, agus is féidir go mbeidh gá le cion beag de a cheannach chun an scéim a éascú. Meastar gur srian í gach réadmhaoin agus a mhéid agus is féidir, féachfar leis an scéim tionchair a sheachaint agus/nó a íoslaghdú.
An mbeidh tionchar ag an tionscadal seo ar an bpróiseas iarratais pleanála sa cheantar?
Is ar Rannóg Pleanála Chomhairle Chontae Dhún na nGall atá an fhreagracht cúrsaí forbartha a phleanáil agus a bhainistiú laistigh de na Contaetha. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag iarratais nua phleanála laistigh den limistéar staidéir ar sheachadadh an tionscadail seo amach anseo. D’fhéadfaí iarratais pleanála agus forbairtí nua a cheadú fós laistigh den limistéar staidéir/roghanna do chonair bhealaigh, ó tharla go bhféadfadh roinnt iarratas pleanála tionchar a imirt ar an tionscadal áfach, déanfaidh an fhoireann deartha athbhreithniú ar gach iarratas pleanála ábhartha. Déanfar gach iarratas a bhreithniú ar bhonn cás ar chás.

De réir mar a dhéantar dul chun cinn ar an scéim, laghdófar an limistéar tar éis deimhniú a fháil maidir leis an rogha conaire bealaigh, agus ní dhéanfaidh an fhoireann deartha athbhreithniú ach ar iarratais gar don chonair seo.

Tá cónaí orm laistigh de chonair ceann amháin de na roghanna do chonair bhealaigh. An gcaillfidh mé mo theach nó mo ghairdín?
Is é cuspóir na foirne deartha a chinntiú go gcoinneofaí an tionchar ar réadmhaoine chomh híseal agus is féidir. Ag an gcéim seo den phróiseas, níl an bealach is dealraithí a roghnófar roghnaithe, agus nílimid in ann na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann ar do réadmhaoin a chinntiú.
Cén fáth a bhfuil tú ag dul trí mo theach?
Ar na roghanna arna n-aithint ag an gcéim seo tá conair 200m ar leithead, ar léiriú í ar an áit trína rithfí ailíniú an bhealaigh. D’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin, nó d’fhéadfadh sé nach mbeadh tionchar aige sin, ar réadmhaoine laistigh den chonair. Nuair a bheidh an bealach is dealraithí a roghnófar aitheanta againn, tiocfaimid ar ais le himeacht comhairliúcháin ina dhiaidh sin ag tráth níos deireanaí sa chlár.
An gcoinneofar an rochtain atá agam?
Cuirfear rochtain ar gach réadmhaoin agus talamh ar fáil; mar sin féin, d’fhéadfadh sé go dteastódh mionathrú chun caighdeáin deartha atá ann cheana a chomhlíonadh.
Cén chaoi a gcuirfear ar an eolas mé nuair a bheidh an bealach is fearr roghnaithe?
Reáchtálfar Comhairliúchán Poiblí lena dtaispeánfar an bealach is dealraithí a roghnófar ag tráth níos deireanaí sa chlár. Cuirfimid fógra ar láithreán gréasáin an tionscadail agus trí mheáin chumarsáide áitiúla agus trí chainéil meán sóisialta Chomhairle Chontae Dhún na nGall nuair a bheidh sé seo ar siúl.
An carrbhealach singil, débhealach nó mótarbhealach a bheidh ann?
Táthar leis seo a chinntiú fós, ach d’fhéadfadh bóthar Débhealaigh nó Carrbhealaigh Shingil nó meascán d’aon chineál de na bóithre sin a bheith i gceist.
Céard í an Chéad Chéim eile?
Déanfaidh foireann an tionscadail an t-aiseolas agus na haighneachtaí a gheofar tríd an gcomhairliúchán poiblí seo a bhreithniú mar chuid den phróiseas Roghnaithe Rogha.

Sna míonna atá amach romhainn, beidh anailís ar na roghanna i gceist leis an gcéad chéim eile. Beidh gach ceann de na roghanna a tugadh ar aghaidh go dtí Fochéim 2 den phróiseas Roghnaithe Rogha faoi réir na gcritéar measúnaithe de réir na sé gCritéar Comhchreata Breithmheasa. Geilleagar, Sábháilteacht, Inrochtaineacht & Ionchuimsiú Sóisialta, Gníomhaíocht Fhisiciúil, Comhshaol agus Imeascadh.