Comhairliúchán Poiblí
Comhairliúchán Poiblí 3: An Chonair Bealaigh Tosaíochta is Dealraithí a Roghnú.
Beidh an tríú babhta Comhairliúcháin Phoiblí, ag a mbeidh an Chonair Bealaigh Tosaíochta is Dealraithí a Roghnú ar taispeáint, ar siúl san óstán An Grianán, gar do Cheann an Droichid, ar an 5 Aibreán 2023. Beidh gach eolas ar fáil ar líne freisin ón 5 Aibreán ar aghaidh tríd an láithreán gréasáin speisialta seo maidir leis an tionscadal. Is ceart aighneachtaí maidir leis an tionscadal a chur faoi bhráid roimh an 3 Bealtaine 2023.
Is féidir cáipéisíocht maidir leis an chomhairliúchán seo a íoslódáil ach brú ar an Táb Foilseacháin.