Eolas faoin Tionscadal
Forléargas ar an Tionscadal
Faoi láthair, tá Bonneagar Iompair Éireann agus Comhairle Chontae Dhún na nGall (TII/DCC) ag fiosrú roghanna chun an N13 siar ó Cheann an Droichid go dtí an teorainn le Tuaisceart Éireann (Doire), an áit a nascann sé leis an A2 Bóthar Bhun Cranncha, a fheabhsú. Ag an am céanna, tá an Roinn Bonneagair (DFI) ag dul chun cinn faoi láthair freisin le dearadh den fheabhsúchán atá beartaithe ar an A2 ar an taobh ó thuaidh den teorainn lena ndéanfar feabhsúcháin réidh a sholáthar ó Cheann an Droichid go Doire.
Léiríonn taighde a rinneadh le déanaí arna choimisiúnú ag Comhpháirtíocht d’Fhás Straitéiseach an Iarthuaiscirt (NWSGP) go bhfuil trasbhealach teorann an N13/A2 ar an bpointe trasnála is tábhachtaí go straitéiseach agus ar an bpointe trasnála is gnóthaí idir Dún na nGall agus Doire. Leagtar béim ar an tábhacht straitéiseach toisc go bhfuil bealach an N13/A2 mar chuid de líonra cuimsitheach an TEN-T. (Is líonra straitéiseach uile-Eorpach é an gréasán cuimsitheach TEN-T de línte iarnróid, bóithre, uiscebhealaí intíre, bealaí loingseoireachta muirí, calafoirt, aerfoirt agus críochfoirt iarnróid lena gcuirtear bealaí fadraoin comhtháite idirmhodúla ardluais ar fáil).
An Gá atá leis an Scéim
Táimid faoi láthair i mbun athbhreithniú a dhéanamh ar na srianta agus na fadhbanna a bhaineann leis an N13 ag an suíomh seo. Beidh na conclúidí mar chuid den chás gnó agus den bhonn cirt do An Gá atá leis an Scéim. Sainaithnítear sa chéad iniúchadh:
- Bíonn brú mór tráchta ar an mbóthar faoi láthair agus bíonn níos mó tráchta air ná mar atá an bóthar in ann chuige.
- Tá drochtheist sábháilteachta ar an mbóthar, agus bíonn go leanúnach rangaithe mar ‘Os cionn an mheáin’ nó ‘Faoi dhó os cionn an mheáin’ sa Rangú Náisiúnta Sábháilteachta.
- Tá na saoráidí atá ar fáil do choisithe teoranta agus níl aon saoráidí rothaíochta ann
Amlínte
Leagtar amach sa treochlár seo a leanas an amlíne a shamhlaítear leis an tionscadal.
