Maoiniú Tionscadail

Tá maoiniú curtha ar fáil do Tionscadal Feabhsúcháin Bhealach N13 Ceann an Droichid go Teorainn an Chontae mar seo a leanas:
Co-funded by the European Union
An Roinn Lompair - Department of Transport
Transport Infrastructure Ireland (TII)
Co-funded by the European Union
An Roinn Lompair - Department of Transport
Transport Infrastructure Ireland (TII)

Achoimre Ar An Tionscadal

Tá an Tionscadal suite feadh píosa 1.2 km den Líonra Bóithre Cuimsitheach TEN-T i gContae Dhún na nGall, in iarthuaisceart na hÉireann agus sa tionscadal tá an stáidéar atá de dhíth á chur i gcrích chun cuidiú fáil réidh le caolas tráchta suntasach ar bhóthar trasteorann idir Ceann an Droichid i bPoblacht na hÉireann agus Cathair Dhoire i dTuaisceart Éireann. Is éard atá sa staidéar an phleanáil uile agus dearadh réamhchéime a chur i gcrích chun na ceaduithe reachtúla agus eile atá de dhíth a fháil chun tógáil amach anseo ar an tionscadal a éascú.

Leis an Tionscadal, cuidítear leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  1. rochtain ar cheantar imeallach san Aontas Eorpach a fheabhsú;
  2. nascacht idir Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann a fheabhsú tríd an nasc idir Leitir Ceanainn agus Cathair Dhoire (trí Cheann an Droichid);
  3. amanna turais a bharrfheabhsú;
  4. brú tráchta a mhaolú agus iontaofacht amanna turais a fheabhsú;
  5. sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú;
  6. tionchair dhiúltacha aeráide agus comhshaoil a laghdú; agus
  7. dáileadh modúlach atá níos cothroime a spreagadh trí dheiseanna aistrithe mhodúlaigh a mhéadú, trí Líonra Taistil Ghníomhaigh ina iomláine a chur ar fáil inter alia.

Leis an Tionscadal, atá mar chuid de Thionscadal Domhanda, cuirtear tairbhí suntasacha eacnamaíochta, socheacnamaíocha, comhshaoil, aeráide, sábháilteachta agus sláinte ar fáil do mhuintir Chontae Dhún na nGall agus muintir iarthuaisceart na hÉireann, tríd na tionchair dhiúltacha maidir le himeallacht a laghdú trí rochtain ar an AE a fheabhsú.

Tá an tionscadal bunaithe ar Chéim 2 – Céim 4 de Threoirlínte Bainistithe Tionscadail Bhonneagar Iompair Éireann a chur i gcrích, agus tá sé ar an bpríomh-threoircháipéis maidir le tionscadail Bóithre Náisiúnta a fhorbairt in Éirinn, agus tá Bonneagar Iompair Éireann freagrach as an nGréasán Bóithre Náisiúnta a fhorbairt agus a fheidhmiú amach anseo.

Sonraí Teagmhála An Chomhordaitheora

Comhairle Chontae Dhún na nGall
Teach an Chontae
An Diamant
Leifear
Co. Dhún na nGall
Éire
F93 Y622

[Nóta: ní mór gach comhfhreagras maidir leis an tionscadal seo a sheoladh chuig Oifig Bóithre Náisiúnta Dhún na nGall mar atá léirithe ar an Táb Teagmhála ar an láithreán gréasáin seo]

Liosta Na Rannphairtithe

Comhordaitheoir an Tionscadail – Comhairle Chontae Dhún na nGall
Fochonraitheoir Innealtóireachta agus Sainseirbhísí Sainchomhairleoireachta – Roughan & O’Donovan-AECOM (ROD-A)