Ráiteas maidir le Rochtain
Fiosruithe Ginearálta
Ráiteas maidir le Rochtain
Tuigimid i gComhairle Chontae Dhún na nGall an buntáiste a bhaineann le heolas agus le seirbhísí a bheith ar fáil ar líne dár gcuid saoránach agus measaimid gur deis é seo an saol a fheabhsú do dhaoine a mbeadh sé deacair acu teacht ar na seirbhísí seo murach iad a bheith ar líne.
Tá láithreán gréasáin na Comhairle leagtha amach le bheith inrochtana. Déantar tranglam a sheachaint agus tá modheolaíocht nascleanúna leanúnach i bhfeidhm ar fud an láithreáin.
Rinne baill foirne atá i mbun forbartha ar an láithreán freastal ar chúrsaí oiliúna maidir le hInrochtaineacht agus Dearadh Láithreán.
Cuirfimid fáilte roimh aon aiseolas a bheadh agat faoin láithreán agus is féidir ríomhphost a sheoladh chugainn chuig [email protected].
Féachaimid a chinntiú go gcomhlíonann an láithreán gréasáin seo treoirlínte uile thosaíocht 1 agus 2 de Threoirlínte W3C maidir le hInrochtaineacht Ábhair Gréasáin, agus leis sin bhain cáilíocht comhréireachta A-Dúbailte amach. Ba chóir bailíochtú XHTML 1.0 Dian nó trasdula, nuair is féidir, a bheith ag baint le gach leathanach ar an láithreán.
Nascleanúint agus Táblaí
Tá clibeanna achoimre ag dul le gach tábla sonraí agus iad códaithe ag baint úsáid as teidil ró agus colúin. Cuirtear nasc “Téigh ar aghaidh chuig an bPríomhábhar” ar fáil freisin chun go mbeidh úsáideoirí ábalta gluaiseacht go dtí an príomhábhar ar gach leathanach.Naisc
Tá naisc scríofa ar bhealach a bhfuil ciall leo nuair a léitear iad as comhthéacs.Íomhánna
Tá aitreabúidí tuairisciúla Alt le gach íomhá a úsáidtear san ábhar ar an láithreán seo.Dearadh Físiúil
Ní úsáidtear ach clónna de mhéid measartha ar an láithreán gréasáin seo a thugann deis don úsáideoir an téacs a mhéadú ach an rogha sin a úsáid laistigh dá mbrabhsálaí. Is Stílbhileoga Cascáideacha a úsáidtear ar an láithreán. Mura dtacaíonn do bhrabhsálaí le stílbhileoga, tá an t-ábhar fós leagtha amach ar bhealach atá inléite.Eisiaimh
Níl an t-ábhar seo a leanas comhlíontach fós le leibhéal-AA:
- Na doiciméid PDF go léir
- eReg (córas cuardaigh ar líne na Comhairle ar an gclár toghthóirí)
- ePlan (córas cuardaigh pleanála ar líne na Comhairle)
- córas Thaifead Oidhreachta na nDéanmhas Cosanta
Sa chás, fad atá tú ag úsáid an láithreáin seo, go dtagann tú ar ábhar eile a mheasann tú nach bhfuil ag cloí le treoirlínte WCAG 1.0 leibhéal-AA, déan teagmháil le do thoil le
[email protected].Tabhair cluas don láithreán gréasáin seo le BrowseAloud
Cibé an Fón Cliste, Táibléad, PC nó Mac atá agat, tá na huirlisí tacaíochta léitheoireachta a theastaíonn uait le fáil in aisce in BrowseAloud. Cad é BrowseAloud? Is éard é BrowseAloud foireann táirgí a chuireann tacaíocht léitheoireachta ar fáil ar láithreáin ghréasáin. Léann BrowseAloud ábhar láithreáin gréasáin os ard, ag leagan béime ar gach focal mar a labhraítear é i nguth ar ardchaighdeán ar gearr le guth duine é. Áirítear ar ghnéithe eile:- Aibhsiú Dé-Dhatha
- Aistritheoir a Labhraíonn
- Formhéadú Téacs
- Déantóir MP3
- Foclóir a Labhraíonn
- Ceilt Scáileáin
Gréasán: support.texthelp.com/help